Forbhreathnú

Mo Dhialann Folláine - Pupil Book Covers A B C D - My Wellbeing Diary as Gaeilge

Ag tacú le folláine leanaí

Is cur chuige scoile uile atá bunaithe ar fhianaise í Mo Dhialann Folláine, agus is é curaclam an Oideachais Shóisialta, Phearsanta agus Sláinte atá mar bhonn fúithi. Sa tréimhse éiginnte seo, is uirlis iontach í chun cabhrú le leanaí a litearthacht mhothúchánach agus a dteacht aniar a fhorbairt, chomh maith le dearcadh folláin ar an gcodladh, an bia agus an aclaíocht a chur chun cinn.

 Tabhair spléachadh ar na Leabhair agus ar na hAcmhainní inniu!

#féachaintaranbhfíseán

Mo Dhialann Folláine - Pupil Book  B - Pgs 14 and 15 Double Page Spread - My Wellbeing Diary as Gaeilge

San áireamh le Mo Dhialann Folláine:

  • Leabhar an Dalta, ina bhfuil:  
    • Leathanaigh dhialainne chun aireachas a fhorbairt agus chun cabhrú le leanaí aird a thabhairt ar a smaointe agus ar a mothúchán. 
    • 10 modúl foghlama a chlúdaíonn gach gné den fholláine – ceann do gach mí ó Mheán Fómhair go mí Iúil.  
  • Treoir ar líne do mhúinteoirí ina bhfuil mapáil curaclaim, nótaí do thuismitheoirí agus pleananna mionsonraithe do na ceachtanna, chomh maith le cuir i láthair PowerPoint chun tacú le teagasc gach modúil foghlama. 
  • Físeáin chun tacú le forbairt an aireachais, lena n-áirítear análú le bolg, scanadh coirp agus scaipeadh smaointe. 

Seimineár ar líne do Mhúinteoirí Bunscoile: An fholláine á cothú sa tréimhse dhúshlánach seo 

D’óstáil muid Seimineár Folláine ar líne le Stella O’Malley; thairg sí comhairle ar an bhfolláine do mhúinteoirí maidir le haire a thabhairt duit féin sa tréimhse éiginnte seo.

Thug Karen Wogan, Ceann na Foilsitheoireachta Bunscoile, an lucht féachana trí Mo Dhialann Folláine, agus léirigh conas a chabhraíonn an Dialann le litearthacht mhothúchánach leanaí a fhorbairt.